Eolas faoin bhFéile 2026

Beidh Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2026 ar siúl ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe agus cuirfear clár iontach ar siúl ina mbeidh amharclannaíocht, ceol, sorcas, damhsa, amharc-ealaíona, greann, taispeántais sráide agus cainteanna ar feadh 14 lá agus oíche nach ligfear i ndearmad.

Clár Amharclannaíochta, Damhsa agus Sorcais

I measc bhuaicphointí amharclannaíochta na bliana seo tá filleadh NoFit State i ndiaidh go raibh an rath mór ar Sabotage ag GIAF 2025, a bhí díolta amach, leis an léiriú Carnation — seó spleodrach sorcais a chuirfear i láthair ina bPuball Mór lánsuíochán ag Cé Nimmo. Tiocfaidh léiriú fuinniúil Burnout Paradise le Pony Cam i láthair go díreach tar éis é a chur ar siúl ar feadh cúig mhí i Nua-Eabhrac, agus cuirfidh Druid léiriú ceannródaíoch de The Shaughraun le Dion Boucicault i láthair, faoi stiúir Garry Hynes.

Taispeánfar san fhéile freisin saothair nua Éireannacha den scoth, roinnt céadléirithe domhanda ina measc, cosúil le Testament le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, ceoldráma aireagail le ceol le Tarik O’Regan agus leabhróg le Colm Tóibín; For Dolores le Fishamble agus Eva O’Connor; agus Pádraicín le Brú Theatre.

I measc bhuaicphointí an damhsa agus na saothar idirdhisciplíneach tá céadléiriú Éireannach Colossus le Stephanie Lake, ina bhfuil 50 damhsóir páirteach; The Bookbinder le Trick of the Light; an dísréad aeir The Air Between Us le Chloe Loftus Dance; agus Human Geography le John Scott. In áiteanna eile, cuirfidh Decadent Two i láthair i dTábhairne Uí Chonchúir, agus léireofar an ceoldráma Gaeilge SAOIRSE den chéad uair in Amharclann na Taibhdheirce.

Leanann an Fhéile dá díriú ar shaothair thumoideachais freisin le Dressing Room le Enda Walsh agus Paul Fahy; Without Sin le Unqualified Design Studio, a cruthaíodh díreach do lucht féachana beirte ag aon am amháin; agus Flight le Darkfield, atá suite i gcoimeádán atá athraithe ina chábán eitleáin.

Clár Ceoil

Ar fud na cathrach, beidh i gclár ceoil bheo GIAF léirithe ó réimse leathan ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta, Gwenno, David Kitt, Lloyd Cole, Sprints, Badly Drawn Boy, Lucy Rose, Tolü Makay agus SexyTadhg ina measc, chomh maith le go leor eile. Tá sa chlár freisin Taispeántais Cheoil Ghaelaigh, léirithe le Paige Dashner agus The Metropolitan Flute Orchestra, chomh maith le ConTempo Quartet na Gaillimhe i gcomhar le Seosamh agus Caoimhe Uí Fhlatharta.

Clár Amharc-Ealaíona

I measc bhuaicphointí chlár na n-amharc-ealaíonPresence, mórthaispeántas leis an dealbhóir Seán Henry, a chuirfear i láthair i nDánlann na Féile agus lasmuigh san Fhaiche Mhór agus sa Chladach. Cuirfear Assembly, Pailliún mór le rá na hÉireann ó Chomhdháil Dhébhliantúil Ailtireachta na Veinéise 2025, i láthair in Ollscoil na Gaillimhe.

I measc na mórthaispeántas eile tá Stateside le Jackie Nickerson, portráid ghrianghrafadóireachta de Mheiriceá comhaimseartha; Limbo le Lorraine Tuck; Rebel Kin: To the Letter le Dolores Lyne; agus Ómós le Gertrude Degenhardt. Cuirfidh Aleana Egan A Maritime Child i láthair ag Interface ag Loch Eidhneach i gConamara. In áiteanna eile, tá taispeántais le James Wellwood ag Engage Art Studios; seó comórtha 40 bliain ó Artspace Studios; saothar nua le Luke Reidy ag Outset Gallery; Siobhán Piercy ag Túr Bhaile Uí Laoigh; agus Tadhg Ó Cuirrín ag 126 Artist-Run Gallery.

Clár Ealaíne Sráide

I gClár Ealaíne Sráide saor in aisce na Féile, beidh Compagnie PPP dochreidte ag fánaíocht ar fud shráideanna meánaoiseacha na cathrach le The Whale Street – athshamhlú iontach de Moby Dick ina bhfuil míol mór ollmhór agus long – agus tabharfaidh Guru Dudu a dTurais Siúil ‘Dioscó Ciúin’ a mbíonn an-tóir orthu chuig an gcathair.

First Thought Talks

Idir an dá linn, i measc rannpháirtithe shraith First Thought Talks tá na hiriseoirí agus craoltóirí Bel Trew, Fintan O’Toole, Dearbhail McDonald, Lara Marlowe, Marion McKeone, Adrian Weckler, Sally Hayden agus Catriona Crowe. Beidh na healaíontóirí, na scríbhneoirí agus na stiúrthóirí Garry Hynes, Seán Henry, Martina Evans, Theo Dorgan, Andrew O’Hagan, Ben Brantley agus Paula Meehan leo freisin, chomh maith leis na hacadóirí Sadhbh O’Neill, Roger Derham agus Catriona Clear.