Eolas faoin bhFéile

Tá cáil le fada ar Ghaillimh, atá suite ar chósta Iarthar na hÉireann ar an Aigéan Atlantach, mar lárionad iontach cultúrtha.

An Chathair is tapúla atá ag fás san Eoraip, is cathair bhríomhar ollscoile í Gaillimh le lárionad cathrach, cathair ghríobháin de shráideanna lúbacha meánaoise, cearnóga agus bealaí uisce. Tá Gaillimh, le daonra de 80,000, suite ar imeall Abhainn na Coiribe agus Cuan na Gaillimhe mórthimpeall uirthi agus í ag breathnú amach ar an Aigéan Atlantach.

Cuireann Féile Ealaíon na Gaillimhe brí chultúrtha na Gaillimhe in iúl agus tá sí i gcroílár shaol na cathrach. Ní féidir tábhacht na Féile do shaol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha Iarthar na hÉireann a thomhais. Déanann an Fhéile Gaillimh a cheiliúradh i mí Iúil gach bliain ach is fíor go mbíonn an Chathair ag ceiliúradh le linn na Féile freisin.